Stair

Scéal na Gaeilge in Ard Mhacha


Tá an Ghaeilge á labhairt in Ard Mhacha le breis agus 2000 bliain agus tá sí a húsáid agus á cur chun cinn go bródúil agus go paiseanta go fóill.

Tá macalla na teanga le cluinstin inár logainmneacha: Ard Mhacha, Coillidh Liath, An Droim Fhada, Loch gCál.

Cá as a dtáinig an Ghaeilge?


Teanga Cheilteach atá sa Ghaeilge atá gaolta le Gaeilge na hAlban agus Gaeilge Mhanainn agus a bhfuil nasc aici le Breatnais, le Briotáinis agus leis an Choirnis. Tháinig na teangacha Ceilteacha uilig ón fhoinse céanna Ind-Eorpach.

Roimh theacht na Críostaíochta, forbraíodh córas scríbhneoireachta Ogham in Éirinn. Sraith eangaí greanta isteach i gcloch nó in adhmad. Mhair beagnach 400 snoí cloiche.

An Rúraíocht


Lárionad ársa na nGael i gCúige Uladh a bhí in Eamhain Mhacha, áit a bhfuil saibhreas miotaseolaíochta luaite leis, agus suíomh scéalta agus seanchas na Rúraíochta.

Insíonn an Rúraíocht éachtaí Chú Chulainn agus na Craoibhe Rua atá ar aon dul le hÍliad na Gréige.

Na Lochlannaigh


Tháinig corraí mór ar shaol na nGael in Ard Mhacha agus ar fud na tíre le creachadh agus ár na Lochlannach.

Le linn na Meánaoise seo (900-1200 AD) ghlac an Ghaeilge le roinnt focal ón Lochlainnis, mar shampla ‘pingin’ agus ‘margadh’. In ainneoin na Lochlannach, tháinig borradh ar chultúr litríochta agus polaitíochta na nGael agus maireann roinnt lámhscríbhinní tábhachtacha ón ré sin.

Na hAngla-Normannaigh


Bhí tionchar mór ag na hAngla-Normannaigh ar pholaitíocht agus ar chultúr na hÉireann, agus ar an Ghaeilge féin.

Ghlac an Ghaeilge le focail mar ‘giúistís’, ‘bardas’, ‘cúirt’ agus ‘garsún’.

D’fhorbair na hAngla-Normannaigh bailte agus thug isteach oird nua mar na Doiminicigh, na Proinsiasaigh agus na hAgaistínigh agus ba sna mainistreacha úd a scríobhadh cuid mhaith de mhórscéalta Gaelacha.

An Concas Túdaracha


Rinne clann Túdar Shasana iarracht Éire Ghaelach a choinneáil faoi chois agus bac a chur ar an Ghaeilge. Níor éirigh go maith leo taobh amuigh den Pháil.

Spreag Banríon Eilís I úsáid na Gaeilge leis an Phrotastúnachas a chur chun cinn. Cuireadh le chéile leabhar foghlama Gaeilge di.

Bhí roinnt buanna luatha ag na Gaeil ach sa deireadh sháraigh arm Shasana na Gaeil, faoi cheannaireacht Aoidh Mhóir Uí Néill, ag Cath Chionn tSáile in 1601. Sé bliana ina dhiaidh sin, d’imigh Aodh agus ceannairí eile Ghaeil Uladh Éire ag triall ar an Eoraip agus rún acu pilleadh lena dtalamh a fháil ar ais.

An Seachtú hAois Déag


Sa 17ú Aois, leagadh dlí Shasana in Éirinn a d’athraigh córas na nGael.

Plandáladh Uladh, an cúige ba Ghaelaí, le Béarlóirí a bhí dílis do choróin Shasana. Cé gur am fíorchorraitheach do na Gaeil a bhí sa 17ú Aois, tháinig borradh ar litríocht na Gaeilge le flúirse filíochta agus téacsanna staire agus creidimh – cuid mhór acu a scríobhadh sna coláistí Éireannacha san Eoraip.

Ba é Tadhg Ó Cianáin a scríobh Turas na dTaoiseach, an cuntas iomráiteach ar thuras Cheannairí na nUltach tríd an Eoraip chuig an Róimh in 1607 agus 1608. Ba as Port an Fheilleagái in aice le Coillidh Chanannáin do Ó Cianáin.

An tOchtú hAois Déag


Faoin 18ú Aois, b’éigean do dhaoine a bhí ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh sa saol Béarla a fhoghlaim. Bhí Gaeilge ag mórchuid de mhuintir na hÉireann go fóill ach is beag cearta a bhí acu agus bhí siad beo bocht. Bhí an Béarla éigeantach do chúrsaí riaracháin, oideachais agus dlí. Ina ainneoin sin, bhí an Ghaeilge faoi bhláth in Ultaibh, go háirithe in Oirialla.

Séamus Dall Mac Cuarta (1647-1733), file dall a thaistil thart ar an réigiún ag cumadh dánta agus aortha.

Rapaire agus file é Séamas Mac Murfaidh (1720-1750) as Carn Ailigh in aice le Béal Átha an Airgid. Crochadh in Ard Mhacha é as aoir a scríobh faoi, John Johnson of Roxborough, nó Johnson of the Fews.

Peadar Ó Doirnín (1700-1769) a chaoin briseadh ord ársa na nGael ina chuid dánta.

Art Mac Cumhaigh (1738-1773) a rugadh ar an Chreagán in aice le  Crois Mhic Lionnáin agus a scríobh Úrchill an Chreagáin, amhrán mór Ard Mhacha.

An Naoú Céad Déag


Go luath sa Naoú Céad Déag haois bhí Preispitéirigh Uladh chun tosaigh sa ghluaiseacht leis an Ghaeilge a athneartú. Bhunaigh Robert MacAdam agus R.J. Bryce Cuideacht Gaedhilge Uladh sa bhliain 1830 in éineacht le James McDonnell.

Sa bhliain 1835, ghlac Comhthionól Ginearálta na bPreispitéireach le moladh ag éileamh go mbeadh staidéir déanta ag iarrthóirí don mhinistreacht ar an Ghaeilge (a dtug siad ‘ár máthair-theanga mhilis speisialta’ uirthi). An Eaglais Phreispitéireach an t-aon eaglais a rinne foghlaim na Gaeilge éigeantach dá cuid cléire.

Athréimniú na Gaeilge


Go mall sa naoú céad déag tharla athmhúscailt náisiúnta suime sa Ghaeilge agus ina h-oidhreacht; stair, miotaseolaíocht, spóirt, ceol agus ealaíona.

Bunaíodh Conradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath ar 31 Iúil 1893. Ba é Dubhghlas de hÍde, mac reachtaire de chuid Eaglais na hÉireann, céad uachtarán an Chonartha.

Ó bunaíodh Tuaisceart Éireann sa bhliain 1921 rinne an rialtas iarracht an Ghaeilge a imeallú. D’éirigh le gluaiseacht na Gaeilge, áfach, Gaeilge Uladh a chur chun cinn i suímh shóisialta, fóillíochta agus oideachais.

Mhair cainteoirí dúchais Gaeilge i nGlinnte Aontroma agus ar Shliabh Speirín i gContae Thír Eoghain agus Dhoire go dtí na 1950í agus na 1970í faoi seach.

I 1969 osclaíodh scéim comharthithíochta ar Bhóthar Seoighe i mBéal Feirste a raibh d’aidhm aici Gaeltacht uirbeach a chruthú agus go gairid ina ndiaidh sin bunaíodh an chéad bhunscoil lán-Ghaelach, Bunscoil Phobal Feirste, sa bhliain 1971.

An Ghaeilge sa Spás!


Sa bhliain 2013, sheol an spásaire ó Cheanada, Chris Hadfield, giolc dátheangach ón Stáisiún Idirnáisiúnta Spáis, an chéad uair ar baineadh úsáid as teanga na nGael sa spás.

“Tá Éire fíorálainn! Land of green hills and dark beer. With capital Dublin glowing in the Irish night”.

De réir an daonáirimh (2016), tá 1,762,420 cainteoirí Gaeilge i bPoblacht na hÉireann (40% den daonra), 73,000 acu sin a labhraíonn an Ghaeilge go laethúil. Ó thuaidh, de réir an daonáirimh (2011), tá Gaeilge áirithe ag 73,000 (10.65% den daonra). I gCathair Ard Mhacha agus sa cheantar máguaird tá Gaeilge áirithe ag 18% den phobal.

Gaelscolaíocht


Tá breis agus 30,000 páiste ag freastal ar oideachas trí mheán na Gaeilge agus níos mó ná 6,000 páiste ó thuaidh. I gContae Ard Mhacha tá 8 réamhscoil, 4 bhunscoil agus Aonad Gaeilge i gColáiste Chaitríona.

Is linne go léir an Ghaeilge má labhraíonn muid í nó mura labhraíonn. Saibhríonn sí an saol s’againne trí chur lenár n-éagsúlacht chultúrtha agus trínár ndearcadh agus ár dtaithí a leathnú. Beidh fáilte roimh achan duine isteach chuig Aonach Mhacha má tá Gaeilge acu nó mura bhfuil.

Ainmníodh Aonach Mhacha i gcuimhne ar Aonach Mhacha, tionól Mhacha, áit a mbíodh daoine ag teacht le chéile sa tseanaimsir fadó le smaointí a mhalartú, le trádáil a dhéanamh agus le comhaontaithe a dhéanamh. Tá Aonach Mhacha speisialta sa mhéid is go bhfuil sé luaite i lámhscríbhinní na luathchríostaíochta agus sna scéaltaí miotais de chuid ár sinsear.