27th March 2020

Lá stairiúil eile don Ghaeilge in Ard Mhacha le hoscailt Aonach Mhacha

Alt lenár gcara Robert McMillen, a foilsíodh den chéad uair in An tEolas sa The Irish News:

WOW! A leithéid d’ócáid spreagúil, phléisiúrtha, bhródúil a bhí ag gach duine de na sluaite a bhí ag seoladh Aonach Mhacha i gcathair na nArdeaglaisí an Aoine seo caite.

I láthair, bhí idir shagairt agus mhinistrí, Ghaeil agus Ghaill, Albanaigh, Éireannaigh, Shasanaigh agus Bhreathnaigh agus corr-náisiúntacht eile.

Bhí ceoltóirí de gach cineál agus de gach aoisghrúpa ann agus, ar ndóigh, bhí cleamairí ann.

Is é atá in Aonach Mhacha ná eiseamláir fhoirfe den fhiontraíocht chultúrtha go háirithe mar a bhaineann sí leis an Ghaeilge agus a thugann ómós dár sinsear agus inspioráid don aos óg.

“Baile na Gaeilge i gCathair Ard Mhacha agus don cheantar máguaird an fhís a bhí agus atá againn d’Aonach Mhacha; Eamhain Mhacha don aonú haois is fiche,” arsa Réamonn Ó Ciaráin.

“In 2008, bhí pobal na Gaeilge ag éileamh Cultúrlainne anseo in Ard Mhacha mar a bhí acu i mBéal Feirste agus i nDoire agus bhí fíorú na físe sin ag bráth orainn.

“Cuireadh cloigneacha le chéile, cuireadh guailneacha le chéile agus cuireadh croíthe le chéile.?

“Leoga, bhí crá croí go leor, bhí castachtaí go leor agus bhí coinníollacha go leor – ach Festina Lente, deifir a dhéanamh go mall,” arsa Réamonn, a bheadh ina measc sin i bPantheon na ndaoine atá freagrach as an Aonach a thabhairt chun críche i gcuideachta Sheáin Uí Mhaoilsté, Ghearóid Uí Mhachail agus Áinín Uí Chaiside.

Foirgneamh thrí-stór at ann ina bhfuil spás taispeántais, ionad comhdhála, svuít meán, eolas turasóireachta, turais threoraithe, siopa bronntanas, caife, ardán dín, seomraí cruinnithe agus spás ginte fiontraíochta sóisialta ar fáil ann.

Ar chroí-thionóntaithe an Aonaigh, beidh Cleamairí Ard Mhacha/The Armagh Rhymers, Cairde Teo, Gael Linn agus Seacht, carthanas a chothaíonn seirbhísí oidhreachta, ceardaíochta agus turasóireachta ar fail.

Ba léir an bród agus an faoiseamh agus an lúcháir a bhí ar na ceannródaithe a raibh an fhís, an misneach na scileanna agus an diongbháilteacht acu an seod úr seo ar léarscáil Ard Mhacha agus na hÉireann a fhíorú.

“Bhuel, tá an lá linn sa deireadh thiar thall,” arsa duine acu, Gearóid Ó Machail.

“Thosaigh muid amach ar an turas fada seo 13 bliana ó shin gan mórán cairde agus níos lú airgid againn.

“Rinne roinnt daoine iarracht muid a chur ar strae le linn na mblianta ach bhailigh an coincheap neart agus níos tábhachtaigh, bhí pobal láidir thaobh thiar dúinn.

“Is áit ar leith í Ard Mhacha,” ar sé.

“Tá mothú láidir cultúir agus staire ann nach bhfaigheann tú i mórán áiteanna eile.

“Tá cuid mhór seoda anseo in iar-phriomhchathair Chúige Uladh, an oidhreacht thógtha ina chuimsítear leagan amach sráideanna ón 18ú haois agus ailtireacht bhreá Sheoirseach ann.

“Is áit álainn í Ard Mhacha le bheith beo agus le bheith i do chónaí ann agus is áis bhreise iontach í Aonach Mhacha anseo sa Seamlas,” ar sé.

Agus cé go raibh gach rud san Aonach “suas chun dáta” chuir mé an-sonrú i dtábla amháin a bhí le feiceáil ar an dara hurlár.

Ar an tábla seo, bhí cnámha – cloigeann chapaill, cnámha chaoirigh agus go leor eile –  agus cuireadh i gcuimhne dom gur áit ina maraítear ainmhithe an chiall at leis an fhocal “seamlas”.

Uaidh sin a tháinig ainm an cheantair in Ard Mhacha, the Shambles, ina bhfuil Aonach Mhacha lonnaithe inniu.

Dúirt Gearóid nár thaitin an chaint faoin “dá thraidisiún” leis ar chor ar bith.

“In Ard Mhacha, tá muid Éireannach, Briotanach Bulgárach, Banglaidéiseach; Siriach tá muid Caitliceach, Protastúnach, Sikh, Moslamach agus gach rud eile,” arsa Gearóid.

Beidh fáilte mhór roimh dhuine ar bith bualadh isteach san Aonach le haghaidh cupán tae agus tamall comhrá; bronntanas tí nó pósta a cheannach i siopa Mary; do chuid Gaeilge a chleachtadh nó í a fhoghlaim nó freastal ar leacht nó ar chaint.

Nó thig leat obair a dhéanamh ar bhonn deonach nó a bheith i d’urra gnó le cuidiú leis an ionad úr na chéad choiscéimeanna a ghlacadh.

Ach Dé hAoine seo caite, bhí fonn ceiliúrtha ar gach a raibh i láthair, ceiliúradh mar a dúirt Áinín Uí Chaiside, ar an fhás agus ar an fhorbairt atá tagtha ag leibhéal an phobail fríd ghníomhaíocht phobail.

“Faigheann muid inspioráid ó bhunaitheoirí Gaeltacht Bhóthar Seoighe i mBéal Feirste agus as mana s’acu “ná habair é, déan é,’” ar sí.

Tá an ceart aici nuair a deir sí go bhfuil dearcadh daoine i leith na Gaeilge athraithe as a riocht le tamall de bhlianta anois.

“Ní ghlactar leis an dearcadh ‘back to the bog” mar mhasla níos mó ach mar chomhartha go bhfuil muid ag pilleadh ar ár ndúchas fríd an Ghaeilge a labhairt go nádúrtha agus go hoscailte.

“Tá líon na gcainteoirí líofa Gaeilge ag fás i rith an ama agus tá aitheantas oifigiúil tugtha don teanga ó thuaidh mar a léiríonn an doiciméad New Decade, New Approach.

“Tá sé thar a bheith cuí agus tráthúil go bhfuil Aonach Mhacha á oscailt ag tús an comhshocraithe úir sin,” arsa Áinín.

Má tá sibh ag iarraidh lá a chaitheamh in Ard Mhacha agus cuairt a thabhairt ar Aonach álainn Mhacha, “ná habair é, déan é.’

Nuacht & Meáin

23 June

Athchruthú Philleadh Gaisciúil Chú Chulainn le Camino Mhacha ar 1ú Lúnasa 2020

Aonacha Mhacha
18 March

Óráid Sheáin Uí Mhaoilsté ag Oscailt Aonach Mhacha

Aonacha Mhacha

Óráid Réamoinn Uí Chiaráin ag Oscailt Aonach Mhacha

Aonacha Mhacha