Home NuachtAn chéad léiriú in Éirinn den Scannán ‘From Gaza We Speak’ in Aonach Mhacha

An chéad léiriú in Éirinn den Scannán ‘From Gaza We Speak’ in Aonach Mhacha

by Luíseach Nic Thréinfhir
0 comments

Cuireadh an chéad léiriú in Éirinn den scannán ‘From Gaza We Speak’ i láthair aréir in Aonach Mhacha – clár faisnéise cumhachtach a insíonn scéal shaothar drámaíochta The Hands Up Project le páistí ó Gaza. Is mór an chreidiúint é an scannán don obair thábhachtach atá á déanamh ag an charthanacht agus go háirithe do chruthaitheacht agus teacht aniar na daoine óga.

Ba mhór an onóir dúinn go raibh cuid de na daoine óga ón scannán in éineacht linn ar nasc beo mar aon leis an bhunaitheoir Nick Bilbrough le haghaidh seisiún Q&A tochtmhar. Gabhann muid buíochas le gach duine a tháinig amach chun tacaíocht a thabhairt don imeacht agus níos tábhachtaí fós, gabhann muid buíochas ó chroí le Debaj Nassar, Shaza Hamad, Diana Elhadidi, Nick Bilbrough agus gach duine eile a bhfuil baint acu le The Hands Up Project.

Mholfaimis go láidir d’aon duine nó do ghrúpaí a mbeadh suim acu an scannán seo a thaispeáint dul i dteagmháil le: info@handsupproject.org

You may also like