Beidh Dee Armstrong, a bhfuil aithne uirthi mar bhall den bhanna íocónach Kíla ó 1991, ag teacht go hArd Mhacha ar an Satharn 15ú Feabhra mar chuid dá camchuairt don albam nua atá eisithe aici. Oíche de bhunsaothar ceoil a bheas ann le fidléir Dee Armstrong agus a beirt mhac Diarmuid agus Lughaidh, chomh maith le Seamie O’Dowd, Stephen O’Dowd, Grainne Horan agus Sarah Jane Barry!
Is il-ionstraimí féinoilte agus cumadóir í agus is fórsa spleodrach sa cheol Gaelach le 30 bliain anuas. Léiríonn sí a máistreacht ar an fhidil, an vióla, an téadchlár casúr, an bainseó agus ar an bhodhrán agus cnaguirlisí.
Mar bhall de theaghlach iontach ceolmhar, tá oidhreacht ag Dee a athshonann tríd na glúnta. Gan amhras, tá an tionchar seo le sonrú ina cuid oibre aonair agus ina tionscadail chomoibríocha. Leanann a clann (Tiggy, Diarmuid, Lughaidh, and Rosie Armstrong) ar aghaidh leis an traidisiún teaghlaigh seo. Beidh Diarmuid agus Lughaidh le cloisteáil ar a halbam aonair atá le teacht, ag cur a gcuid buanna ar an bhainseó 5 théad agus ar an ghiotár i láthair.
Chomh maith lena taithí fhairsing léirithe le Kíla, bhí buanna cruthaitheacha Dee lárnach i múnlú físealaíona an bhanna. Le 30 bliain anuas, tá teilgin, seiteanna agus amharc-ealaíona deartha aici, ag comhoibriú le dearthóirí chun saothar ealaíne na n-albam a chruthú – léiriú ar a cur chuige iomlánaíoch i leith an cheoil.