Nuacht Spreagúil d’Aonach Mhacha: Bainisteoir agus Lógó Nua do Chaifé Mhacha!
Tá an-áthas orainn a fhógairt go bhfuil Caifé Mhacha anois faoi bhainistíocht mhaith Donagh Conroy Hannon, úinéir Perfect Blends Tea Room & Treasure ar Shráid Thomáis, Ard Mhacha. Cuirfidh Donagh a hanam agus a croí i gCaifé Mhacha, blaisfear ina bia taithí agus paisean Donagh agus mothófar dúil Donagh i bpobal Ard Mhacha.
Tá baint mhór ag Donagh le hArd Mhacha agus fonn uirthi gach a bhfuil le tairiscint aige a thaispeáint, “Tá áilleacht in Ard Mhacha” dar le Donagh, “…agus cuireann foirgneamh Aonach Mhacha leis an áilleacht sin. Tá an foirgneamh i ndiaidh cuid thréigthe den chathair a thabhairt chun beochta agus cuir le forbairt an tsaoil chultúrtha sa chathair trí na healaíona agus an teanga. Tá sceitimíní orm go mbeidh baint mhór a bheith agam leis sin. Tagraíonn cuid de roghanna aitheanta atá agam d’fhoirgnimh íocónacha Ard Mhacha, lena n-áirítear ‘Céimeanna na hArdeaglaise’ nó ‘An Meal’. Is do phobal iomlán Ard Mhacha Caifé Mhacha agus tá mé ag súil go mór le bualadh le custaiméirí nua agus dílse araon sna laethanta, sna míonna agus sna blianta amach romhainn. Cuirfear fáilte roimh chách!”.
Tá Gaeilge ag foireann Donagh, mar sin, labhair Gaeilge linn agus bain taitneamh as an eispéireas ar leith a bhaineann le greim bia as Gaeilge, beidh “tae” agus rogha ann! Buail le cairde agus bain sult as bia blasta in áit shnasta. Más caife na maidine atá uait nó comhrá le cairde, cuirfidh Donagh an fonn ort cuairt eile a thabhairt ar an chaifé .
“Tá sé mar aidhm ag Aonach Mhacha a bheith i gcroílár shaol mhuintir Ard Mhacha agus ina áit ina dtagann an cultúr agus an pobal le chéile,” a dúirt an Dr. Micheál Ó Duibh, Cathaoirleach Aonach Mhacha. “Tá an-áthas orainn fáilte a chur roimh Donagh agus tá a fhios againn go gcuirfidh sí a croí agus a hanam sa chaifé, rud a chuirfeadh an fonn ar gach duine cuairt eile a thabhairt ar an tsiopa.”
Coinnigh súil in airde do thairiscintí speisialta, agus do na fógraí is déanaí ar ár leathanaigh meán sóisialta. Buail isteach chugainn an Déardaoin bheag seo don chéad lá oscailte chun rogha agus togha bhlasta an bhiachláir a thriail mar a gcuirfear fáilte Uí Cheallaigh romhat nó bígí linn don oscailt mhór Dé hAoine, 15ú Samhain. Tá muid ag dúil go mór le bualadh libh uilig.