Home NuachtCamino ar an Mheal, 23 Lúnasa 2025

Camino ar an Mheal, 23 Lúnasa 2025

Déan infheistíocht i dTodhchaí na Gaeilge agus an Chultúir in Ard Mhacha!

by Eimear
0 comments

Tá Aonach Mhacha ag déanamh réidh do lá mór tiomsaithe airgid ar an 23 Lúnasa 2025, ócáid atá dírithe go hiomlán ar an Ghaeilge agus ar an chultúr a chur chun cinn i gcroílár Ard Mhacha. Is deis iontach é seo don phobal i gcoitinne infheistíocht a dhéanamh i dtodhchaí theanga agus chultúr na hÉireann sa chathair stairiúil seo.

Mar chuid den lá beidh rannpháirtithe ag déanamh siúlóid urraithe thart ar an mheal in Ard Mhacha. Déanfaidh siúlóirí 25 cuairt thart ar an mheal agus siúlfar 25 ciliméadar san iomlán. Ach ní chríochnóidh an lá ansin! Beidh an lá lán le bia, spraoi, ceol agus spiorad pobail, agus é mar aidhm ag an lá cistí riachtanacha a bhailiú chun go leanfadh foireann agus Bord Aonach Mhacha lena gcuid oibre ríthábhachtach. Cuireann siad ranganna Gaeilge do gach leibhéal, ó thosaitheoirí go cainteoirí líofa ar fáil, chomh maith le himeachtaí cultúrtha a cheiliúrann ceol, damhsa agus scéalaíocht na hÉireann, agus tacaíonn siad le tionscnaimh phobail a chuireann an Ghaeilge chun tosaigh sa saol laethúil.

Tá fáilte roimh an phobal teacht agus páirt a ghlacadh, is cuma más cainteoir Gaeilge thú nó díreach duine atá ag iarraidh tacú le hAonach Mhacha. Beidh siamsaíocht ann do chách, agus an deis ann bualadh le daoine atá ar aon intinn leat agus atá paiseanta faoin Ghaeilge agus faoin chultúr.

Más mian leat a bheith páirteach mar bhall den fhoireann tiomsaithe airgid agus a bheith ag siúl linn bí i dteagmháil linn:

TACAIGH LINN: https://gofund.me/4575a010

Cuir an dáta san fhéilire agus bí linn!

You may also like