Home NuachtDaoine ÓgaCampa Mhacha 2024 agus Corn Shomhairle Mhig Uidhir

Campa Mhacha 2024 agus Corn Shomhairle Mhig Uidhir

Tacaíonn Fondúireacht an Phobail do Tuaisceart na hÉireann trí an Chiste Ultach

by Eimear
0 comments

Tacaíonn Fondúireacht an Phobail do Tuaisceart na hÉireann trí an Chiste Ultach.

An tseachtain seo chaite d’óstáil Aonach Mhacha agus a n-Oifigeach Forbartha Gaeilge an t-ochtú bliain déag de Champa Mhacha le thart ar 100 páiste idir Rang 1 go Rang 7 ag freastal ar an champa i mbliana.

Tá sé mar aidhm ag Campa Mhacha chun úsáid na Gaeilge agus cultúr na nGael a chur chun cinn i measc na páistí óga in Ard Mhacha. Tugann Campa Mhacha seans do na páistí atá ag dul trí Oideachas Lán-Ghaeilge a gcuid Gaeilge a úsáid i rith an tsamhraidh, go háirithe na páistí nach bhfuil Gaeilge acu sa bhaile.

Thug Gearóid Ó Machail, Bainisteoir Ginerálta Aonach Mhacha, moladh d’obair na n-oibrithe ar son an champa samhraidh 2024. Dúirt sé, “Baineadh dea-cháil amach ag Campa Mhacha ó thosaigh sé sa bhliain 2007. Tharla sé seo mar gheall ar an dhíograis agus ar an dhúthracht atá ag an fhoireann phroifisiúnta a chludaíonn múinteoirí, oibrithe óige agus foireann choimhdeach a chrúthaíonn dea- chuimhní do na páistí a bhfreastlaíonn ar an champa gach bliain”.

Lenár n-Oifigeach Forbartha Gaeilge, Eimear O’Hanlon, ag comhordú an chláir don champa, ghlac na páistí páirteach i ngníomhaíochtaí spreagthacha ar nós taitneamhacht, ceol, damhsa, spóirt, ealaín, tráth na gceist, cluichí cláir agus gníomhaíochtaí foghlamtha fosta – gach gníomhaíocht trí mheán na Gaeilge, ar ndóigh!”

I rith an champa d’fhoghlaim na páistí ar Champa 1 agus ar Champa 2 amhráin as Gaeilge agus an rince céilí, Tonnaí Thoraí. Chuaigh an dá Champa chuig Sliabh gCuillinn agus i comhar le hEnspire agus Comhairle Ceantair An Iúir, Mhúrn agus an Dún, d’fhoghlaim na páistí faoin nádúr, faoi na hainmhithe faoi agus scéalta faoi Fionn Mac Cumhail agus an Cailleach Beara ar thaobh an tsléibhe.

Ar an lá deireanach den champa, sheinn Cleamairí Ard Mhacha a n-amhráin don dá champa agus fuair na páistí seans chun feabhas a chur a scileanna peile sa Pháirc Lúthchleasaíochta le hoibrithe deonacha i gcomhar le CLG Ard Mhacha.

I rith an tsamhraidh nach ndéanfaidh muid dearmad air in Ard Mhacha go deo, ba buaic an champa é do go leor páistí nuair tháinig an Corn Shomhairle Mhig Uidhir go dtí  Clubtheach CLG na Piarsaigh Óga ar an lá deireanach den champa. Bhí lúcháir an domhain ar na páistí agus a dtuismitheoirí go bhfuair siad seans chun grianghraf a ghlacadh leis an trófaithe a bhfuil meas mór acu air. Ba mhaith le Campa Mhacha ár mbuíochas a ghabháil leis an Bhord Contae CLG Ard Mhacha agus and Ard Mhéara Cllr Sarah Duffy as a gcuidiú chun an Corn Shomhairle Mhig Uidhir a fháil do na páistí.

Buíochas

Ba maith linn ár mbuíochas a thabhairt do na daoine agus na heagraíochta seo a leanas as a gcuidiú do Champa Mhacha 2024:

  • Na múinteoirí (Eimear, Mícheal B , Mícheal Ó hA & Sorcha)
  • Na hoibirthe óige (Jack, Lily, Mia, Pearse & Thomas)
  • Ardmhéara Ard Mhacha, Sarah Duffy
  • Cleamairí Ard Mhacha
  • CLG Ard Mhacha & an Páirc Lúthchleasaíochta
  • CLG na Piarsaigh Óga
  • Enspire & Comhairle Ceantair An Iúir, Mhúrn agus an Dún
  • Fondúireacht an Phobail do Tuaisceart na hÉireann
  • Foras na Gaeilge
  • Jerome McCarthy Coach Hire
  • Siopa Mhacha & Mary Prunty
  • West Armagh Consortium

You may also like