19 mbliana ó thosaigh sé, beidh Campa Mhacha óstáilte ag Aonach Mhacha Dé Luain 7ú Iúil – Dé hAoine 11ú Iúil 2025 idir 10am agus 2:30in. Beidh sibh ábalta bhur bpáiste a chlárú ar an 5ú de mhí an Mheithimh ar 10am ar ár suíomh idirlíon.
Is é príomhaidhm Campa Mhacha ná páistí áitiúla a spreagadh chun a gcuid Gaeilge a úsáid taobh amuigh de thimpeallacht na scoile.
Beidh Campa Mhacha ar fáil do pháistí atá ag dul tríd an ghaelscolaíocht agus tabharfar tús áite do pháistí Rang 1– 7 i mbunscoileanna i gContae Ard Mhacha. Tabharfar spás ar bith eile atá fágtha do pháistí a bhfuil tuiscint mhaith acu ar an Ghaeilge ón bhaile agus páistí bunscoile sna contaetha máguaird.
Caithfidh Gaeilge a bheith ag do pháiste le páirt a ghlacadh i gCampa Mhacha.
Mar gheall ar an fhás a tháinig ar líon na ndaoine a chuir isteach ar Champa Mhacha le blianta anuas, bhí orainn an Campa a scaradh ina dhá fho-Champa. Cuireadh páistí isteach sa fo-champa ag bráth ar aois. Cuireadh páistí Rang 1 – Rang 3 isteach in Campa 1 agus cuireadh páistí Rang 4 – Rang 7 isteach in Campa 2.
Seolfar Foirm Chlárúchain amach tar éis an chlárúcháin le sonraí a bhailiú.
Tá foireann tiománta agus díograiseach ag Campa Mhacha idir múinteoirí, oibrithe óige agus foireann forbartha pobail a bhfuil táithí na mblianta acu ag cur tionscadail fóillíochta ar fáil do dhaoine óga. Tá foireann againn atá cáilithe agus oilte ag leibhéal proifisiúnta agus a bhfuil grinnfhiosrúchán déanta orthu uilig de réir reachtaíochta.