Fiche bliain ó thosaigh sé, beidh Campa Mhacha óstáilte ag Aonach Mhacha Dé Luain, an 27ú Iúil – Dé hAoine, an 31ú Iúil 2026 idir 10:00rn agus 2:30in. Beidh sibh ábalta bhur bpáiste a chlárú Déardaoin, an 28ú Bealtaine ar 10:00rn ar ár suíomh idirlíon – www.aonachmhacha.com
Is é príomhaidhm Campa Mhacha ná páistí áitiúla a spreagadh chun a gcuid Gaeilge a úsáid taobh amuigh de thimpeallacht na scoile.
Freastlaíonn Campa Mhacha ar pháistí atá ag dul tríd an ghaelscolaíocht agus mar is gnách, tabharfar tús áite do pháistí Rang 1 – 7 i mbunscoileanna i gContae Ard Mhacha. Tabharfar spás ar bith eile atá fágtha do pháistí a bhfuil tuiscint mhaith acu ar an Ghaeilge ón bhaile agus páistí bunscoile sna contaetha máguaird.
Caithfidh Gaeilge a bheith ag do pháiste le páirt a ghlacadh i gCampa Mhacha.
Mar gheall ar an fhás a tháinig ar líon na ndaoine a chuir isteach ar Champa Mhacha le blianta anuas, bhí orainn an Campa a scaradh ina dhá fho-Champa. Cuireadh páistí isteach sa fo-champa ag bráth ar aois. Cuireadh páistí Rang 1 – Rang 3 isteach in Campa 1 agus cuireadh páistí Rang 4 – Rang 7 isteach in Campa 2.
Tá táille £45 an pháiste ann chun áit a dheimhniú ar Champa Mhacha don chéad pháiste agus don dhara pháiste. Áfach, tá táille laghdaithe ann, £40 an pháiste, don triú, ceathrú, cuigiú pháiste (srl) má tá na páistí ar fad sa theaghlach céanna.
Briseadh Síos:
- £45 = Páiste amháin
- £90 = Beirt
- £130 = Triúr
- £170 = Ceathrar
- £210 = Cúigear
Seolfar Foirm Chlárúchain amach tar éis an chlárúcháin le sonraí a bhailiú. Iarrann muid ort chun an fhoirm a líonadh isteach roimh 1ú Iúil 2026 le do thoil.
Tá foireann tiománta agus díograiseach ag Campa Mhacha idir múinteoirí, oibrithe óige agus foireann forbartha pobail a bhfuil táithí na mblianta acu ag cur tionscadail fóillíochta ar fáil do dhaoine óga. Tá foireann againn atá cáilithe agus oilte ag leibhéal proifisiúnta agus a bhfuil grinnfhiosrúchán déanta orthu uilig de réir reachtaíochta.
Bí linn!