Home NuachtDaoine ÓgaCampa Mhacha: Athrú Dháta & Ama

Campa Mhacha: Athrú Dháta & Ama

10am - 4pm, 30/07/2024 - 02/08/2024

by Eimear
0 comments

A chairde,

De bharr go bhfuil Peileadóirí Sinsearacha Ard Mhacha i gCraobh na hÉireann Dé Domhnaigh 28ú Iúil, bhí ar Aonach Mhacha cinneadh a dhéanamh chun an chéad lá de Champa Mhacha 2024 a chur ar ceal. Bhí gníomhaíochtaí pleanáilte le bheith ar siúl sa Pháirc Lúthchleasaíochta Dé Luain 29ú Iúil agus níl sé seo indéanta níos mó.

Le cinntiú go bhfaigheann na páistí an-eispéireas iomlán ar Champa Mhacha, cuirfear uair sa bhreis le gach lá chun cúiteamh don Luan. Beidh an campa ar siúl ó

10am – 4pm

Dé Máirt 30ú Iúil – Dé hAoine 2ú Lúnasa

Gabhaigí ár leithscéal ó chroí as aon mhíchaoithiúlacht le bhur dtoil.

Tá muid ag dúil go mór le fáilte a chur roimh na páistí ar Champa Mhacha 2024 ar

10am Dé Máirt 30ú Iúil

Go n-éirí an t-ádh le Foireann Ard Mhacha i gCraobh na hÉireann!

You may also like