Home NuachtDaoine ÓgaCampa Shamhna 2026 & Campa Imbolc 2027 : Campaí 3-lá le linn na sosanna lár téarma

Campa Shamhna 2026 & Campa Imbolc 2027 : Campaí 3-lá le linn na sosanna lár téarma

Campaí trí lá do pháistí i gcóras na Gaelscolaíochta (Rang 1–7) le linn na sosanna lár téarma i mí Dheireadh Fómhair 2026 agus i mí Feabhra 2027.

by Eimear
0 comments

Campa Shamhna 2026 & Campa Imbolc 2027

Tá ríméad ar Chultúrlann Aonach Mhacha a fhógairt go mbeidh muid ag reáchtáil campaí trí lá do pháistí i gcóras na Gaelscolaíochta (Rang 1–7) le linn na sosanna lár téarma i mí Dheireadh Fómhair 2026 agus i mí Feabhra 2027. 

Tá Cultúrlann Aonach Mhacha tiomanta go huile is go hiomlán do chur chun cinn na Gaeilge in Ard Mhacha, le béim ar leith ar an ógra. Tá sé mar aidhm againn tacaíocht a thabhairt do theaghlaigh áitiúla chun an Ghaeilge a chur i bpríomháit i saol a bpáistí agus iad ag dul tríd an Ghaelscolaíocht—go háirithe i gcás páistí nach bhfuil an Ghaeilge mar phríomhtheanga an tí acu, agus tuismitheoirí atá ag foghlaim na teanga don chéad uair in éineacht lena gcuid páis 

Aithníonn Aonach Mhacha go bhfuil bearna ríthábhachtach i seirbhísí óige an cheantair, go háirithe do pháistí atá sa chóras Gaelscolaíochta in Ard Mhacha. Faoi láthair, bíonn dhá thréimhse ar leith gach bliain nach bhfuil aon tacaíocht ar fáil do theaghlaigh le Gaeilge sa cheantar. Níl de rogha ag tuismitheoirí ach a gcuid páistí a chur chuig ionaid chúraim lae nach bhfuil an Ghaeilge in úsáid iontu le linn na sosanna lár téarma i mí Dheireadh Fómhair agus i mí Feabhra. 

Tar éis bualadh le tuismitheoirí áitiúla, le múinteoirí áitiúla agus leis an scoil áitiúl, tá lúcháir orainn ár seirbhísí óige a chur in oiriúint chun freastal níos fearr a dhéanamh ar riachtanais an phobail. Beidh Aonach Mhacha ag aistriú ó fhreastal ar chlub óige seachtainiúil go dtí campaí speisialaithe Gaeilge a reáchtáil le linn sosanna lár téarma i mí Dheireadh Fómhair 2026 agus i mí Feabhra 2027. Leanfaidh na campaí seo an struchtúr céanna a bhfuil an-tóir air ag ár gcampa samhraidh bliantúil, Campa Mhacha, ach iad pacáilte isteach i gclár spleodrach trí lá. 

Is é príomhaidhm Champa Shamhna agus Champa Imbolc ná spreagadh a thabhairt do pháistí áitiúla a gcuid scileanna Gaeilge a úsáid taobh amuigh de thimpeallacht na scoile. Beidh deis iontach ag na páistí Gaeilge a labhairt le linn an tsosa lár téarma agus foghlaim faoi sheanfhéilte séasúracha na Samhain agus Imbolc! 

 

Campa Shamhna 2026 

Beidh Campa Shamhna ar siúl ón Luan, an 26ú Deireadh Fómhair 2026 go dtí an Chéadaoin, an 28ú Deireadh Fómhair (10:00rn – 2:00in). 

Osclófar clárúchán ar líne ar 9:00rn, Déardaoin, an 1ú Deireadh Fómhair 2026. 

Thig leat tuilleadh eolais a fháil faoi Champa Shamhna 2026 anseo. 

Campa Imbolc 2027 

Beidh Campa Imbolc ar siúl ón Luan, an 8ú Feabhra 2027 go dtí an Chéadaoin, an 10ú Feabhra 2027 (10:00rn – 2:00in). 

Osclófar clárúchán ar líne faoi choinne Campa Imbolc 2027 i mí Eanáir 2027.

 

Tá foireann tiománta agus díograiseach ag Campa Mhacha idir múinteoirí, oibrithe óige agus foireann forbartha pobail a bhfuil táithí na mblianta acu ag cur tionscadail fóillíochta ar fáil do dhaoine óga. Tá foireann againn atá cáilithe agus oilte ag leibhéal proifisiúnta agus a bhfuil grinnfhiosrúchán déanta orthu uilig de réir reachtaíochta.

Má tá ceist agat, ná bíodh aon drogall ort dul i dteagmháil leis an Oifigeach Forbartha Gaeilge, Eimear Ní Anluain (eimear@aonachmhacha.com) nó cuir scairt orainn (028 3799 8111).

Bí linn!

You may also like