Campa Shamhna 2026
Tá lúcháir ar Chultúrlann Aonach Mhacha ár gcéad champa trí lá, Campa Shamhna, a réachtáil ón Luan, an 26ú Deireadh Fómhair 2026 go dtí an Chéadaoin, an 28ú Deireadh Fómhair (10:00rn – 2:00in)!
Is é príomhaidhm Champa Shamhna ná spreagadh a thabhairt do pháistí áitiúla a gcuid scileanna Gaeilge a úsáid taobh amuigh de thimpeallacht na scoile. Níl aon chlub nó campa eile sa cheantar a chuireann seirbhísí óige ar fáil trí Ghaeilge le linn sos lár téarma mhí Dheireadh Fómhair, agus thairis sin, ní bhíonn oibrithe óige ag soláthraithe eile a bheadh ábalta freastal orthu trí mheán na Gaeilge. Beidh deis iontach ag na páistí Gaeilge a labhairt le linn an tsosa lár téarma agus foghlaim faoi sheanfhéile séasúrach na Samhna!
Gníomhaíochtaí & Turas an Champa
Péinteáil Puimcíne
Cuir tús le spraoi na Samhna le neart datha! Faigheann gach páiste a bpuimcín féin le maisiú, le péinteáil, agus le claochlú ina n-arracht cairdiúil nó ina spiorad spraíúil le tabhairt abhaile leo.
Tóraíocht Dúlra
Bí i do thaiscéalaí ar thóir rúndiamhra an fhómhair! Leanfaimid leideanna tríd an dúlra chun duilleoga órga, fionnachtana draíochta, agus boscaí taisce folaithe na nAos Sí a aimsiú.
Scéalaíocht na Samhna
Cruinnigh thart le haghaidh scéalta draíochta ó thraidisiún na hÉireann. Éist le seanscéalta faoi phreabaireacht, faoi fhir shí, agus faoi eachtraí na Samhna a thabharfaidh beatha don stair ar dóigh spreagúil d’aois ar bith.
Plainéadlann Ard Mhacha
Taisteal i measc na réaltaí i gcruinneachán digiteach iontach Phlainéadlann Ard Mhacha! Amharcfaidh muid ar réaltbhuíonta an fhómhair agus foghlaimeoidh muid cad é mar a d’úsáid na Ceiltigh na réaltaí chun teacht na Samhna a thomhas, in éineacht le seónna spásbhríocha atá curtha in oiriúint go foirfe do na páistí.
Cluichí na Samhna
Seanthraidisiúin agus cluichí nua le chéile! Beidh spraoi den scoth againn le cluichí traidisiúnta ar nós Úll ar Sreang agus dúshláin spraíúla eile a chuirfidh ag gáire iad.
Biongó na Samhna
Bígí réidh le ‘Biongó!’ a ghairm. Le cártaí maisithe le cailleacha, cat dubha, agus ialtóga, is cluiche biongó spraíúil atá ann le neart duaiseanna beaga le baint amach.
Páirc Súgartha
Am le fuinneamh a scaoileadh chun reatha! Seans ag na páistí spraoi a bheith acu faoin aer sa pháirc shúgartha, ag dreapadóireacht agus ag rith timpeall lena gcairde nua sa champa.
Dioscó & Cóisir na Samhna
Cuir ort do chulaith bhréige agus bí réidh don rince! Críochnóidh muid an campa le mórchóisir, ceol spraíúil, rince nua-aimseartha, agus neart féiríní blasta do na harrachtaí beaga ar fad.

THUAS: Dréachtchlár an Champa
Thig leat clárú ar líne nó ag an Fháiltiú i gCultúrlann Aonach Mhacha.
Má tá ceist agat, ná bíodh aon drogall ort dul i dteagmháil leis an Oifigeach Forbartha Gaeilge, Eimear Ní Anluain (eimear@aonachmhacha.com) nó cuir scairt orainn (028 3799 8111).
Bí linn!