Ceapairí & Comhrá – Lón Oibre ag Aonach Mhacha
Tá áthas orainn cuireadh a thabhairt do dhaoine atá ag obair san earnáil Ghaeilge (nó Gaeilgeoir ar bith eile) i mórcheantar Ard Mhacha chuig ár Lón Oibre míosúil – Ceapairí & Comhrá.
Is deis iontach é seo chun sos a ghlacadh ón ríomhaire, bualadh le daoine eile sa phobal Gaeilge, agus béile neamhfhoirmiúil a roinnt i suíomh cairdiúil.
Cad a bheidh ar siúl?
- Deis ghréasánachta le daoine ó eagraíochtaí éagsúla
- Béile éadrom curtha ar fáil ag Caifé Mhacha agus comhrá neamhfhoirmiúil
- Cúpla uair de chomhluadar taitneamhach sula n-imeoidh tú ar ais chuig an obair
Cé dó é seo?
Gaeilgeoirí a oibríonn ó bhaile nó in aon ról san earnáil Ghaeilge in Ard Mhacha agus atá ag lorg comhluadar oibre ó am go chéile.
Cén Uair?
- An Chéadaoin dheireanach de gach mí
- 12:30in – 1:30in in Aonach Mhacha
- £10 an duine
Cláraigh ar suíomh idirlíon Aonach Mhacha roimh 12in an Mháirt roimh ré chun deis a thabhairt do Chaifé Mhacha an lón a ullmhú le do thoil.
Bígí linn le haghaidh béile, comhrá agus dea-chuideachta!