Chuir Aonach Mhacha fáilte roimh daltaí as Scoil Íosaef, Domhnach Mór, le haghaidh ceardlann podchraoltóireachta chun scileanna na meán a fhoghlaim trí a gcuid podchraoltaí féin a thaifeadadh.
D’ullmhaigh na daltaí a n-ábhair cainte ar scoil le bheith réidh chun taifeadadh a dhéanamh ar a bpodchraoltaí inár Seomra Raidió le hiardhalta dá gcuid, Eoghan Mór Ó Néill. Rinne Eoghan ceardlann sa tráthnóna le léiriú chun eagarthóireacht ar Audacity.
Chuidigh ár n-Oifigeach Forbartha Gaeilge, Eimear O’Hanlon, leis na daltaí chun póstaeir a chrúthú dá bpodchraoltaí ar Canva.
Tá súil againn gur bhain na daltaí an-sult as agus ba mhaith linn ár mbuíochas a thabhairt d’Eoghan Mór Ó Néill as an Cheardlann a threorú agus don fhoireann i Scoil Íosaef.