🗓️ 21/06/25
📍Aonach Mhacha
🎟️ £15
Bígí linn Dé Sathairn 21ú Meitheamh in Aonach Mhacha do Cheardlann Tatreez na Palaistíne le Wafa’a Zeinah Abusharekh.
Is teifeach Palaistíneach ó Lifta, Iarúsailéim (Al-Quds) í Wafa’a Zeinah Abusharekh. Díbríodh a teaghlach go foréigneach óna dtír dhúchais le linn Nakba na bliana 1948-an glanadh eitneach a rinne dronga sceimhlitheoireachta Síónacha. Tógadh an Knesset Iosraelach mar a thugtar air níos déanaí ar an talamh a ghabh siad óna seanmháthair.
Is bean léannta í agus bhí sí ina múinteoir agus oideachasóir ar feadh na mblianta i scoileanna Palaistíneacha ar fud an Bhruach Thiar agus Gaza.
Ó bhog sí go hÉirinn in 2018, bhí Wafa’a ag tacú go gníomhach lena pobal. Oibríonn sí mar oibrí tacaíochta le Cairde, eagraíocht a thugann aghaidh ar dheachrachtaí meabhairshláinte a bhíonn ag mionlaigh eitneacha. Tá sí ag díriú ar obair le pobail Arabacha agus Mhoslamacha chun feasacht a ardú faoin mheabhairshláinte agus faoi chúrsaí folláine.
Ticéad £15 | Tickets £15: https://www.eventbrite.ie/e/tatreez-workshop-tickets-1383814369029



