983
Rinne muid ceiliúradh ar thús an Earraigh , Lá Fhéile Bríde, ag an deireadh seachtaine i gCultúrlann Aonach Mhacha. Bhí ceardlann ealaíona againn in Amharclann na nDaoine agus chuir ealaíontóirí áitiúla a gcuid ealaíne ar taispeáint. Lá den scoth a bhí againn le neart ceoil agus craic.
Míle buíochas ar fad d’achan duine a ghlac páirt.


