853
Bhí an t-ádh dearg orainn in Aonach Mhacha go raibh muid ábalta Dee Armstrong, a mac agus a cairde a óstáil sa Chultúrlann ar an 15ú Feabhra. Tharraing an cheolchoirm spleodrach na sluaite isteach agus gabhaimid buíochas ó chroí le Dee , a cairde agus Cleamairí Ard Mhacha a sheinn seit den scoth roimh dheireadh na hoíche. Ócáid ar leith a bhí ann agus ní dhéanfaimid dearmad go deo air!
