Home NuachtCláraigh do Ranganna Gaeilge ar an 6ú Eanáir 2025

Cláraigh do Ranganna Gaeilge ar an 6ú Eanáir 2025

Téarma an Earraigh 2025

by Eimear
0 comments

Tá lúchair orainn a rá go mbeidh Ranganna Gaeilge ag toiseacht arís in Aonach Mhacha i mí Eanáir 2025! 

 

Bhí muid ar bís le rá go raibh ár ranganna Gaeilge ar fad i dTéarma an Fhómhair  go hiomlán lán leis an líon is airde foghlaimeoirí riamh i gCathair Ard Mhacha. Mar gheall ar mhéadú seo, rinneadh an cinneadh chun ranganna in Aonach Mhacha a athfhorbairt faoi choinne Téarma an Earraigh 2025. Amach anseo beidh 6 leibhéil de ranganna Gaeilge in áit 5 leibhéil: 

 

  RANG  LEIBHÉAL  MÚINTEOIR  SPÁS 
1  NUA  Glantosaitheoirí  Alana Ní Chiaráin  35 
2  CÉIM  Bunrang 1  Eimear Nugent  35 
3  FÁS  Bunrang 2  Emma Ní Mhaoilisté  30 
4  FORBAIRT  Meánrang Íochtar  Mícheál Ó hAodha  35 
5  SNAS  Meánrang Uachtar  Eunan Maggee  35 
6  DEIS  Ardrang  Séamas Mac Eochaidh  30 

 

Tosóidh Téarma an Earraigh an tseachtain dar tús 20/01/2025 19:00 – 20:30 agus osclófar clárúchán ar an 06/01/2025. Críochnóidh ranganna an tseachtain dar tús 07/04/2025 agus beidh dhá sheachtain saoire ann faoi choinne Sos Lár Téarma agus Seachtaine na Gaeilge. Féach thíos do na dátaí tábhachta: 

Dátaí Tábhachta 

 

 

Rang  Lá 

Dáta Tosaigh 

Sos Lár Téarma  Sos Sheachtain na Gaeilge  Dáta Críche 
1  NUA  An Luan 

20/01/2025  

10/02/2025  10/03/2025  14/04/2025 
2  CÉIM  An Déardaoin 

23/01/2025 

13/02/2025  13/03/2025  10/04/2025 
3  FÁS  An Déardaoin  23/01/2025  13/02/2025  13/03/2025  10/04/2025 
4  FORBAIRT  An Mháirt  21/01/2025   11/02/2025  11/03/2025  08/04/2025 
5  SNAS  An Chéadaoin  22/01/2025  12/02/2025  12/03/2025  09/04/2025 
6  DEIS  An Chéadaoin  22/01/2025  12/02/2025  12/03/2025 

09/04/2025 

 

 

Cén rang ina bhfuil mé? 

 

  1. NUA (Glantosaitheoirí ) – Alana Ní Chiaráin 

Cláraigh suas don rang seo: 

  • Más duine thú gan aon fhocal Gaeilge nó gan aon chleachtadh le Gaeilge. 
  • Ná cláraigh don rang seo má tá ‘Bunrang do Ghlantosaitheoirí’ déanta agat cheana féin. 

 

  1. CÉIM (Bunrang 1) – Eimear Nugent 

Cláraigh suas don rang seo: 

  • Má tá cúpla focal agus frása agat cheana féin. 
  • Má tá ‘Bunrang Glantosaitheoirí’ déanta agat. 

 

  1. FÁS (Bunrang 2) – Emma Ní Mhaoilisté 

Cláraigh suas don rang seo: 

  • Má tá Bunrang déanta agat cheana féin. 

 

  1. FORBAIRT (Meánrang Íochtar) – Mícheál Ó hAodha 

Cláraigh suas don rang seo: 

  • Má fuair tú GCSE sa Ghaeilge ar scoil agus ag iarraidh í a fhoghlaim arís. 
  • Má tá Bunrang 2 déanta agat. 

 

  1. SNAS (Meánrang Uachtar / GCSE) – Eunan Maggee 

Cláraigh suas don rang seo: 

  • Má fuair tú Ard Léibhéal sa Ghaeilge ar scoil agus tú ag iarraidh ‘snas’ a chuir ar do chuid Gaeilge. 
  • Má tá tú ag déanamh staidéir ar Ghaeilge don GCSE faoi láthair. 

 

  1. DEIS (Ardrang) – Séamas Mac Eochaidh 

Cláraigh suas don rang seo: 

  • Má tá Gaeilge acu agus tá tú ar lorg deiseanna chun Gaeilge a labhairt. 
  • Má ta tú ag déanamh staidéir ar Ghaeilge don Ard Leibhéal (AS & A2) faoi láthair. 
  • Má tá an Meánrang Uachtar déanta agat. 

You may also like