1K
Dé Sathairn tháinig teaghlaigh a bhfuil Gaeilge acu in Ard Mhacha le chéile chun Oíche Shamhna a chéiliúradh in Aonach Mhacha.
Phéinteáil na páistí puimcíní agus rinne siad Súile Scanrúla agus Tinte Ealaíne le seacláid, leamhacháin, bataí aráin, smarties agus crothán milis.
Ba mhaith le hAonach Mhacha ár mbuíochas a ghabháil le hAoife agus Glór na nGael as a gcuidiú chun an t-imeacht seo a eagrú.