Chuaigh roinnt foghlaimeoirí dár gcuid chuig iarthuaisceart Thír Chonaill. Camchuairt ghnóthach a bhí ann. Tosaíodh rudaí leis an Parkrun ar an Fhál Carrach. Ina dhiaidh sin, chuaigh na cuairteoirí siar chuig Chnoc na Naomh faoi stiúr an tAth Brian Ó Fearraigh, áit a bhfuil stair agus oidhreacht ar leith bainte léi. Soir leo ina dhiaidh sin le Teach Mhicí Mhic Ghabhann a fheiceáil. Soir leo arís chuig Cloich Cheann Fhaola le scéal na cloiche a chluinstin. Iontach suimiúil ar fad.
D’fhág said slán le Brian agus chuir siad aghaidh ar Loch an Iúir, chuig Teach Niall Uí Dhónaill. D’inis Eugene Mac Grianna scéal an tí agus scéaltá an cheantar dóibh. A sáith bídh i dTeach Leo ar an oíche sin agus sóláistí leachta ina dhiaidh. Chríochnaigh siad an chuirt fhoirmiúlta le camchuairt sa dríoglann i gCroithlí.






















