1.2K
Tá muid ar bís le rá go bhfuil ár Ranganna Gaeilge ar fad go hiomlán lán in Aonach Mhacha agus ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le gach duine a chláraigh do Ranganna Gaeilge inár gCultúrlann.
Faoi láthair tá breis agus 170 duine ag foghlaim Gaeilge in Aonach Mhacha, níos mó foghlaimeoirí ná mar a bhí ann riamh. Cuireadh Bunrang do Ghlantosaitheoirí sa bhreis ar bun le freastal ar an éileamh i mbliana go fiú, rud a chuimsíonn go bhfuil 8 rang ar an iomlán anois.
Déanfaidh muid ár ndícheall tabhairt faoin éileamh arís amach anseo san Earrach 2025. Coinnígí súil amach sna míonna romhainn!
Míle buíochas!