Campa Mhacha - Campa 2

27Iúi(Iúi 27)10:0030(Iúi 30)14:30Campa Mhacha - Campa 2Rang 4 – Rang 7

Cur síos ar an imeacht

Fiche bliain ó thosaigh sé, beidh Campa Mhacha óstáilte ag Aonach Mhacha Dé Luain, an 27ú Iúil – Dé hAoine, an 30ú Iúil 2026 idir 10:00rn agus 2:30in.

Is é príomhaidhm Campa Mhacha ná páistí áitiúla a spreagadh chun a gcuid Gaeilge a úsáid taobh amuigh de thimpeallacht na scoile.

Freastlaíonn Campa Mhacha ar pháistí atá ag dul tríd an ghaelscolaíocht agus mar is gnách, tabharfar tús áite do pháistí Rang 1– 7 i mbunscoileanna i gContae Ard Mhacha. Tabharfar spás ar bith eile atá fágtha do pháistí a bhfuil tuiscint mhaith acu ar an Ghaeilge ón bhaile agus páistí bunscoile sna contaetha máguaird.

Caithfidh Gaeilge a bheith ag do pháiste le páirt a ghlacadh i gCampa Mhacha.

Mar gheall ar an fhás a tháinig ar líon na ndaoine a chuir isteach ar Champa Mhacha le blianta anuas, bhí orainn an Campa a scaradh ina dhá fho-Champa. Cuireadh páistí isteach sa fo-champa ag bráth ar aois. Cuireadh páistí Rang 1 – Rang 3 isteach in Campa 1 agus cuireadh páistí Rang 4 – Rang 7 isteach in Campa 2.

Tá táille £45 an pháiste ann chun áit a dheimhniú  ar Champa Mhacha don chéad pháiste agus don dhara pháiste. Áfach, tá táille laghdaithe ann, £40 an pháiste, don triú, ceathrú, cuigiú pháiste (srl) má tá na páistí ar fad sa theaghlach céanna. Briseadh Síos:

  • £45 = Páiste amháin
  • £90 = Beirt
  • £130 = Triúr
  • £170 = Ceathrar
  • £210 = Cúigear

Seolfar Foirm Chlárúchain amach tar éis an chlárúcháin le sonraí a bhailiú. Iarrann muid ort chun an fhoirm a líonadh isteach roimh 1ú Iúil 2026 le do thoil.

Tá foireann tiománta agus díograiseach ag Campa Mhacha idir múinteoirí, oibrithe óige agus foireann forbartha pobail a bhfuil táithí na mblianta acu ag cur tionscadail fóillíochta ar fáil do dhaoine óga. Tá foireann againn atá cáilithe agus oilte ag leibhéal proifisiúnta agus a bhfuil grinnfhiosrúchán déanta orthu uilig de réir reachtaíochta.

Bí linn!

Am

Iúil 27, 2026 10:00 - Iúil 30, 2026 14:30(GMT+01:00)

Suíomh

Aonach Mhacha

74 - 76, Sráid na nGall Uachtar, Ard Mhacha, BT61 7LG

Eagraí

AM 19

Aonach Mhacha

Aonach Mhacha is a landmark arts, language and Irish cultural enterprise facility for Mid-Ulster and the border regions of Ireland.<div...
Aonach Mhacha is a landmark arts, language and Irish cultural enterprise facility for Mid-Ulster and the border regions of Ireland.
Aonach Mhacha is a landmark arts, language and Irish cultural enterprise facility for Mid-Ulster and the border regions of Ireland. Aonach Mhacha has regenerated a derelict part of the city centre and will further develop the cultural corridor between the Shambles and the ‘Cathedral Quarter’ or ‘Old Town’, making the area safer and more attractive to residents, visitors and tourists while also boosting the local economy.

Cláraigh Anseo

Aonach Mhacha

Get Directions

How do you plan to get there?