328
Féile Drámaíochta an Iúir
‘Mol an óige agus tiocfaidh sí!’
Bhí foireann Aonach Mhacha, Eimear Ní Anluain (Oifigeach Forbartha Gaeilge) agus Luíseach Nic Thréinfhir (Riarthóir) lán sásta cuidiú a thabhairt le linn Féile Drámaíochta an Iúir in Amharclann Áit an Mhargaidh ar an 3ú de mhí an Mhárta.
Ghlac 4 scoil páirt san Fhéile i mbliana agus 5 dhráma den chéad scoth a bhí ann sa chomórtas:
- Rithim na Réabhlóide, Bunscoil na mBráithre Críostaí, Ard Mhacha
- Searlaí agus an Mhonarcha Seacláide, Bunscoil Phroinsias Naofa, An Céide
- Éalú na gCearc, Bunscoil Eoin Baiste, Port an Dúnáin
- Doraití ar Shlí na bhFilí, Gaelscoil Phádraig, Crois Mhic Lionnáin
- Laoch na Laochra Fionn Mac Cumhail, Gaelscoil Phádraig, Crois Mhic Lionnáin
Ba chóir do na haisteoirí óga ar fad a bheith iontach bródúil astu féin!
Comhghairdeas leis na buaiteoirí agus go n-éirí an t-ádh leis na scoileanna atá ag dul go dtí an chéad bhabhta eile i Litir Ceanainn, Dún na nGall.