745

Tá stiúrthóirí Aonach Mhacha an-sásta fógairt go bhfuil socrú urraíochta comhaontaithe acu le SteveyJ International. Socrú trí bliana atá i gceist don seomra comhdhála ag barr an tí óna bhfuil na radharcanna is fearr i gCathair Ard Mhacha. Anuas air sin tá tacaíocht tugtha ag Stevey J International don turas cultúrtha go Naomh Pól, Minnesota, darb ainm Anamchairde meaning ‘soul friends’. Gabhann stiúrthóirí Aonach Mhacha buíochas ó chroí le Stevey McGeown, bunaitheoir Stevey J International. Gura fada buan thú. Ní neart go cur le chéile.