Ba mhór an onóir dúinn fáilte a chur roimh an anailísí polaitúil agus scannánóir Palaistíneach Yousef Alhelou chuig Aonach Mhacha aréir do léiriú a scannáin chumhachtaigh ‘ The Phoenix of Gaza – A City Lost to Genocide’ – Scannán faisnéise a taifeadadh díreach roimh an chinedhíothú a rinne Iosrael ar Gaza.
Déanann a phíosa scannánaíochta de Gaza sa bhliain 2023 taifead ar an tionchar ollmhór a bhí agus atá ag an chinedhíothú – ag cur síos ar chailliúint daoine agus tithe, mar aon leis an scrios forleathan a rinneadh ar bhonneagar poiblí lena n-áirítear oideachas, cúram sláinte, agus oidhreacht stairiúil agus chultúrtha.
In ainneoin fhírinne lom na forghabhála, imshuí, agus na n-ionsaithe míleata leanúnacha ón Iosrael, léiríonn an scannán teacht aniar leanúnach agus spiorad dochloíte mhuintir Gaza.
Cailleadh deirfiúr Yousef agus a seachtar clainne ar an 10ú Nollaig 2023 de bharr ionsaí Iosraelach ar a dteach.Tá a gcorp ina luí faoin smionagar go dtí inniu féin. Tá mórán dá ghaolta agus dá chomhghleacaithe iriseoireachta i measc choir a bheith 50,000 duine a maraíodh idir an 7ú Deireadh Fómhair 2023 agus an 19ú Eanáir 2025.
Gabhaimid buíochas ó chroí le Yousef as teacht go hArd Mhacha!
Saoirse don Phalaistín! 🇵🇸






