Dé hAoineDeireadh Fomhair92026
  • Bí páirteach
  • Anamchairde
  • Folúntais
  • Login
Aonach Mhacha
  • Baile
  • Campa Shamhna
  • Ranganna
  • Imeachtaí
  • Seomraí ar Cíos
    • Amharclann
    • Seimineár/ Seomra Comhdála
    • Seomra Cruinnithe
  • Nuacht
  • Faoi
    • Foghlaim Gaeilge
    • Ár nUrraitheoirí
    • Ár Sprioc
    • Cé sinne
    • Stair
  • Teagmháil
  • 0
HomecúrsaíCampa Shamhna 2 – Rang 4 – 7
  • Campa Shamhna 2 – Rang 4 – 7

    £45.00 – £210.00Price range: £45.00 through £210.00
  • Campa Shamhna – Rang 1 – 3

    £45.00 – £210.00Price range: £45.00 through £210.00

Campa Shamhna 2 – Rang 4 – 7

£45.00 – £210.00Price range: £45.00 through £210.00

Tá lúcháir ar Chultúrlann Aonach Mhacha a fhógairt go mbeidh muid ag reáchtáil ár gcéad champa trí lá, Campa Shamhna, ón Luan, an 26ú Deireadh Fómhair 2026 go dtí an Chéadaoin, an 28ú Deireadh Fómhair (10:00rn – 2:00in)! 

Clear
SKU: CAMPASHAMHNA2 Category: cúrsaí
Share
FacebookTwitterPinterestWhatsapp
  • Description
  • Additional information

Osclófar clárúchán ar líne ar 9:00rn, Déardaoin, an 1ú Deireadh Fómhair 2026. 

Is é príomhaidhm Champa Shamhna agus Champa Imbolc ná spreagadh a thabhairt do pháistí áitiúla a gcuid scileanna Gaeilge a úsáid taobh amuigh de thimpeallacht na scoile. Níl aon chlub nó campa eile sa cheantar a chuireann seirbhísí óige ar fáil trí Ghaeilge le linn sos lár téarma mhí Dheireadh Fómhair, agus thairis sin, ní bhíonn oibrithe óige ag soláthraithe eile a bheadh ábalta freastal orthu trí mheán na Gaeilge. Beidh deis iontach ag na páistí Gaeilge a labhairt le linn an tsosa lár téarma agus foghlaim faoi sheanfhéilte séasúracha na Samhna agus Imbolc! 

Freastalóidh Campa Shamhna ar pháistí atá sa chóras Gaelscolaíochta agus mar is gnách, tabharfar tús áite do pháistí Rang 1–7 i mbunscoileanna i gContae Ard Mhacha. Tabharfar spás ar bith atá fágtha do pháistí a bhfuil tuiscint mhaith acu ar an Ghaeilge ón bhaile agus do pháistí bunscoile sna contaetha máguaird. 

Cuirfear fáilte roimh pháistí ó Rang 1–7 agus roinnfear an campa ina dhá fho-champa chun a chinntiú go mbeidh na gníomhaíochtaí fóirsteanach do gach aoisghrúpa. Reáchtálfar iad seo ar an dóigh chéanna lenár gcampa samhraidh bliantúil, Campa Mhacha: 

  • Camp 1: Rang 1 – 3  
  • Camp 2: Rang 4 – 7 

Caithfidh Gaeilge a bheith ag do pháiste chun páirt a ghlacadh i gCampa Shamhna. 

Tá táille £45 an páiste ann chun áit a dheimhniú ar an champa don chéad bheirt pháiste sa teaghlach. Áfach, tá táille laghdaithe de £40 an páiste ar fáil don tríú, ceathrú, nó cúigiú páiste (srl.) má tá na páistí ar fad as an teaghlach chéanna. 

Briseadh Síos ar na Táillí: 

  • £45 = Páiste amháin 
  • £90 = Beirt pháistí 
  • £130 = Triúr páistí 
  • £170 = Ceathrar páistí 
  • £210 = Cúigear páistí 

Seolfar Foirm Chlárúcháin amach tar éis an chlárúcháin ar líne chun sonraí tábhachtacha a bhailiú. Iarrann muid ar thuismitheoirí an fhoirm seo a líonadh isteach láithreach, nó roimh 5:00in ar an Aoine, 16 Deireadh Fómhair 2026. 

Tá foireann tiománta agus díograiseach ag Campa Mhacha idir múinteoirí, oibrithe óige agus foireann forbartha pobail a bhfuil táithí na mblianta acu ag cur tionscadail fóillíochta ar fáil do dhaoine óga. Tá foireann againn atá cáilithe agus oilte ag leibhéal proifisiúnta agus a bhfuil grinnfhiosrúchán déanta orthu uilig de réir reachtaíochta. 

Scoláire

1 leanbh, 2 leanbh, 3 leanbh, 4 leanbh, 5 leanbh

Related products

  • Campa Shamhna - Rang 1 – 3
    Select options This product has multiple variants. The options may be chosen on the product page Quick View

    Campa Shamhna – Rang 1 – 3

    cúrsaí
    £45.00 – £210.00Price range: £45.00 through £210.00

Uaireanta Oscailte

  • Luain: 9:00 r.n. – 5:30 i.n.
  • Máirt: 9:00 r.n.–5:30 i.n.
  • Céadaoin: 9:00 r.n.–5:30 i.n.
  • Déardaoin: 9:00 r.n.–5:30 i.n.
  • Aoine: 9:00 r.n.–5:30 i.n.
  • Satharn: 9:00 r.n.–1:30 i.n.
  • Domhnaigh: Dúnta

Mo Chuntas

  • Cart
  • Checkout
  • My account
  • Siopa
  • Polasaí Príobháideachais
  • Refund and Returns Policy

Teagmháil

Aonach Mhacha
74-76 Sráid na Sasanach,
Ard Mhacha,
BT61 7LG

Call Us on

+44(0) 28 3799 8111

Fundraising Regulator badge with validation link
  • Facebook
  • Twitter
  • Instagram
  • Linkedin
  • Youtube
  • Email
Footer Logo
  • Stair
  • Cé sinne
  • Ár Sprioc
  • Ár nUrraitheoirí

@ Aonach Mhacha - All Right Reserved.
Website design

Aonach Mhacha
  • Baile
  • Campa Shamhna
  • Ranganna
  • Imeachtaí
  • Seomraí ar Cíos
    • Amharclann
    • Seimineár/ Seomra Comhdála
    • Seomra Cruinnithe
  • Nuacht
  • Faoi
    • Foghlaim Gaeilge
    • Ár nUrraitheoirí
    • Ár Sprioc
    • Cé sinne
    • Stair
  • Teagmháil
Sign In

Keep me signed in until I sign out

Forgot your password?

Password Recovery

A new password will be emailed to you.

Have received a new password? Login here

Shopping Cart

Close

No products in the cart.

Close
X
  • Gaeilge
  • English