Home NuachtSeachtain na Gaeilge 2026 – Caint ar Sraidainmneacha agus Logainmneacha Ard Mhacha le Mícheál Ó Mainnín

Seachtain na Gaeilge 2026 – Caint ar Sraidainmneacha agus Logainmneacha Ard Mhacha le Mícheál Ó Mainnín

by Eimear
0 comments

Seachtain na Gaeilge 2026

 

Caint ar Sraidainmneacha agus Logainmneacha Ard Mhacha le Mícheál Ó Mainnín

 

Thug Mícheál Ó Mainnín, léachtóir in Ollscoil na Ríona, cuairt ar Aonach Mhacha chun caint a thabhairt faoi shráidainmneacha agus logainmneacha Ard Mhacha le linn Seachtain na Gaeilge.
Chuir muid cuireadh roimh Mhícheál teacht go hAonach Mhacha chun an chaint seo a thabhairt mar cúpla seachtain ó shin fuair muid moladh uaidh faoin aistriúchán ‘ceart’ nó ‘níos cruinne’ ar an tsráid ina bhfuil Aonach Mhacha lonnaithe, ‘English Street’. Mhol sé gur chóir dúinn ‘Sráid na Sasanach’ a úsáid in áit ‘Sráid na nGall’. Bhí foireann agus Bord Aonach Mhacha sásta glacadh leis an mholadh seo chun ‘Sráid na Sasanach’ a úsáid, agus thug muid cuireadh do Mhícheál chun léargas níos doimhne a thabhairt dúinn ar ár sráidainm féin agus an fáth gur chóir an t-athrú sin a dhéanamh.
Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le Mícheál Ó Mainnín as cuairt a thabhairt orainn, agus le Marc Reilly agus ACDC Signs as comhartha sráide a chruthú dúinn.

You may also like