Seachtain na Gaeilge 2026
Scannánaíocht agus Ceol Gael Linn
Bhí lúcháir orainn fáilte a chur roimh Marcas Ó Murchú agus ár gCathaoirleach, Réamonn Ó Ciaráin chun cartlann scannaíochta agus ceoil Gael Linn a thaispeáint dúinn in Ard Mhacha.
Cuimsíodh an taispeáintas ‘Réamhamharc ’, deis eolas a fháil ar mhíreanna scannánaíochta mar chuid de thionscnamh úr i gcomhar leis an IFI le Amharc Éireann. Tá breis agus 200 mír á gcur ar fáil saor in aisce le fotheidil Bhéarla ar fud na cruinne. Chomh maith leis sin, bhí ‘Amharc Siar’ ann, ceiliúradh ar Chartlann Cheoil Gael Linn inar tugadh deis do dhaoine amharc ar an ealaín chumhachtach a bhain le foilseacháin stairiúla ceoil de chuid Gael Linn.
Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le Marcas, agus le Réamonn as a bheith linn i rith Seachtain na Gaeilge 2026!