
Is í an tSín an tír is mó daonra ar domhan le daonra reatha de níos mó ná 1.4 billiún duine. Tá an tSín ar cheann de na sibhialtachtaí is ársa ar domhan le cultúr atá dírithe ar fhealsúnacht, shuáilcí, bhéasaíocht agus traidisiúin a chothaítear. Déanann daoine ar fud an domhain traidisiúin agus féilte na Síne a cheiliúradh agus a chleactadh freisin. Tá tionchar domhanda anois ag teanga, polaitíocht, fealsúnacht, ailtireacht, ceol, rince, litríocht, ealaíon comhraic, cócaireacht, amharc-ealaíona, criadóireacht, reiligiún, cursaí gnó agus stair na síne.
Ar Satharn 5ú Márta , réachtáil CAIRDE TEO ócáid léirithe i gcomhar le hInstitiúid Confúiceach ag Ollscoil Uladh i dtimpeallacht álainn Cultúrlann Aonach Mhacha. Bhí lá den scoth ann le ceol Sínise traidisiúnta agus searmanas tae Sínise chomh maith le clár oideachasúil imeachtaí don teaghlach ar fad! Thug Cleamairí Ard Mhacha blaiseadh beag de cheol tradisiúnta na hÉireann dár gcuaiteoirí fosta.
Míle buíochas leis an Institiúid Confúiceach agus ár mbuíochas le Cleamairí Ard Mhacha fosta!

