Home NuachtTaispeántas Ealaíne Agus Filíochta: ‘Moon Tell Me Truth’

Taispeántas Ealaíne Agus Filíochta: ‘Moon Tell Me Truth’

Taispeántas d'Ealaín agus Dánta de chuid Pháistí Gaza, An Phalaistín

by Luíseach Nic Thréinfhir
0 comments

Tá lúcháir orainn a fhógairt go bhfuil Aonach Mhacha mar óstach bródúil den taispeántas ealaíne agus filíochta: ‘Moon Tell Me Truth’. Beidh an taispeántas ar siúl ó mhí na Nollaig – mí Eanáir.

Is cnuasach é Moon Tell Me Truth de 60 dán maisithe a chruthaigh páistí idir 9 agus 15 bliana d’aois as Gaza, an Phalaistín le haghaidh comórtais a bhí ar siúl ag ‘The Hands Up Project’. Foilsíodh é i leabhar i mbliana le réamhrá ón fhile aitheanta Alice Oswald.

Tá an chuid is mó de na scoláirí sa taispeántas díláithrithe anois agus rinneadh damáiste dá gcuid scoileanna nó scriosadh iad le linn an chogaidh ar Gaza. Maraíodh beirt scoláirí, Obada Mohammad Abu Oda, 14 agus Fatema Saidam, 9 ag ionsaithe aeir Iosraelach i mí Dheireadh Fómhair 2023.

You may also like