Home NuachtTÉARMA AN FHÓMHAIR 2025

TÉARMA AN FHÓMHAIR 2025

by Eimear
0 comments

Tá lúchair orainn a rá go mbeidh Ranganna Gaeilge ag toiseacht arís in Aonach Mhacha i mí Mheán an Fhómhair 2025! 

Bhí muid ar bís go raibh suim mhór sna Dianchúrsaí in Aonach Mhacha i rith an tsamhraidh agus go bhfuil sibh réidh chun an chéad chéim eile a thógáil, tabhair chun cuimhne arís nó Gaeilge a fhoghlaim don chéad uair. 

Beidh ár gcúrsa 10 Seachtaine ag toiseacht ar ais ó 7in – 8:30in ar an seachtain dar tús 22/09/2025 go dtí an tseachtain dar tús 01/12/2025 agus beidh sos lár téarma ann an tseachtain dar tús 27/10/2025.  Thig leat clárú anseo nó i gCultúrlann Aonach Mhacha.

Rang  Oíche  Dataí  Seomra 
Glantosaitheoirí  Ar an Mháirt  23/09/2025 – 02/12/2025 *  Amharclann 
Bunrang  Ar an Chéadaoin  24/09/2025 – 03/12/2025 *  Amharclann 
Meánrang Íochtar  Ar an Mháirt  23/09/2025 – 02/12/2025 *  Seomra Comhdhála 
Meánrang Uachtar  Ar an Luan  22/09/2025 – 01/12/2025 *  Seomra Comhdhála 
Ardrang  Ar an Chéadaoin  24/09/2025 – 03/12/2025 *  Seomra Comhdhála 

* Sos Lár Téarma: 27/10/2025, 28/10/2025 & 29/10/2025 

 

You may also like