✊CEARTA✊
🔔AGÓID NÁISIÚNTA NA nGAEL🔔
Tá na Gaeil ag dul chun sráide!
⏰1.30pm Dé Sathairn 20 Meán Fómhair
📌Baile Átha Cliath
🚨Maoiniú
🚨Tithíocht sa Ghaeltacht
🚨Oideachas
🚨Cearta Teanga
Cuir an dáta sa dialann
#DeargLeFearg
Baileoidh an slua le chéile ag Cearnóg Pharnell agus siúlfar fríd croílár Bhaile Átha Cliath comh fada le Teach Laighean, áit a mbeidh óráidí agus agóid.
Tháinig seo mar thoradh ar chruinnithe éigeandála, ar Thionóil Ghéarchéime, agus ar chomhráití móra idir neart de na mór-fheachtais thuaidh theas. Aontaíodh mionsonraí an mhórshiúil ag an Tionól Géarchéime Náisiúnta a eagraíodh i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich ag deireadh mhí na Bealtaine agus is ag an chruinniú chéanna a pléadh na mór-éilimh a bheadh le cur chun tosaigh ar an lá mór féin.