Réachtálann Aonach Mhacha trí théarma shéasúracha struchtúrtha 10-seachtaine a chosnaíonn £70 an duine; Téarma an Fhómhair, Téarma an Earraigh agus Téarma an tSamhraidh. Bíonn na ranganna oíche seo ar siúl ó 7in go 8:30in sa Chultúrlann ag leibhéil éagsúla:
• Glantosaitheoirí: Dírítear ar fhoghraíocht bhunúsach, ar thógáil stór focal, agus ar bhunstruchtúir na n-abairtí.
• Bunrang: Ag cur feabhais ar fhoghraíocht agus ar stór focal, chomh maith le bunghramadach a thabhairt isteach.
• Meánrang Íochtarach: Deartha dóibh siúd a bhfuil bunús acu cheana féin agus ar mhaith leo cur lena gcuid gramadaí agus leis an ghnáthchaint laethúil.
• Meánrang Uachtarach: Dírithe ar chaint líofa, ar chomhréir chasta, agus ar thuiscint níos doimhne.
• Ardrang: Dírithe ar chainteoirí líofa ar mhaith leo snas a chur ar a gcuid léitheoireachta, scríbhneoireachta agus ar stór focal.






