Home NuachtDaoine ÓgaSeachtain na Gaeilge 2026 – Féile Drámaíochta an Iúir

Seachtain na Gaeilge 2026 – Féile Drámaíochta an Iúir

by Eimear
0 comments

Féile Drámaíochta an Iúir

 

‘Mol an óige agus tiocfaidh sí!’ 

 

Bhí foireann Aonach Mhacha, Eimear Ní Anluain (Oifigeach Forbartha Gaeilge) agus Luíseach Nic Thréinfhir (Riarthóir) lán sásta cuidiú a thabhairt le linn Féile Drámaíochta an Iúir in Amharclann Áit an Mhargaidh ar an 3ú de mhí an Mhárta. 

 

Ghlac 4 scoil páirt san Fhéile i mbliana agus 5 dhráma den chéad scoth a bhí ann sa chomórtas: 

  • Rithim na Réabhlóide, Bunscoil na mBráithre Críostaí, Ard Mhacha 
  • Searlaí agus an Mhonarcha Seacláide, Bunscoil Phroinsias Naofa, An Céide 
  • Éalú na gCearc, Bunscoil Eoin Baiste, Port an Dúnáin 
  • Doraití ar Shlí na bhFilí, Gaelscoil Phádraig, Crois Mhic Lionnáin 
  • Laoch na Laochra Fionn Mac Cumhail, Gaelscoil Phádraig, Crois Mhic Lionnáin 

Ba chóir do na haisteoirí óga ar fad a bheith iontach bródúil astu féin! 

 

Comhghairdeas leis na buaiteoirí agus go n-éirí an t-ádh leis na scoileanna atá ag dul go dtí an chéad bhabhta eile i Litir Ceanainn, Dún na nGall. 

You may also like