TÉARMA AN FHÓMHAIR 2026
Cláraigh le haghaidh ranganna Gaeilge anois!
Cuireann Cultúrlann Aonach Mhacha réimse cuimsitheach tumthach de ranganna Gaeilge ar fáil i gcroílár Ard Mhacha i rith na bliana. Tá na ranganna seo curtha in oiriúint do gach duine a bhfuil suim acu sa Ghaeilge, idir ghlantosaitheoirí agus cainteoirí líofa.
RANGANNA GAEILGE
Réachtálann Aonach Mhacha trí théarma shéasúracha struchtúrtha 10-seachtaine a chosnaíonn £70 an duine; Téarma an Fhómhair, Téarma an Earraigh agus Téarma an tSamhraidh.
Rithfidh Téarma an Fhómhair 2026 ón tseachtain dar tús 21/09/2026 go dtí 03/12/2026, le sos lár téarma sa tseachtain dar tús 26/10/2026. Is féidir leat clárú le haghaidh ranganna Gaeilge AR LÍNE nó ag an fháiltiú in Aonach Mhacha. Bíonn na ranganna oíche seo ar siúl ó 7in go 8:30in sa Chultúrlann ag leibhéil éagsúla:
- Glantosaitheoirí: Dírítear ar fhoghraíocht bhunúsach, ar thógáil stór focal, agus ar bhunstruchtúir na n-abairtí.
- Bunrang: Ag cur feabhais ar fhoghraíocht agus ar stór focal, chomh maith le bunghramadach a thabhairt isteach.
- Meánrang Íochtarach: Deartha dóibh siúd a bhfuil bunús acu cheana féin agus ar mhaith leo cur lena gcuid gramadaí agus leis an ghnáthchaint laethúil.
- Meánrang Uachtarach: Dírithe ar chaint líofa, ar chomhréir chasta, agus ar thuiscint níos doimhne.
- Ardrang: Dírithe ar chainteoirí líofa ar mhaith leo snas a chur ar a gcuid léitheoireachta, scríbhneoireachta agus ar stór focal.
RANGANNA COMHRÁ
Cuirfear ranganna comhrá struchtúrtha ar fáil fosta i rith gach téarma ar oícheanta Luain (7in – 8in agus 8in – 9in), le timpeallacht shábháilte a thabhairt d’fhoghlaimeoirí lena gcuid scileanna labhartha a chleachtadh agus le misneach a thabhairt dóibh:
- Comhrá (Bunleibhéal): Fóirsteanach dóibh siúd sna ranganna Glantosaitheoirí agus Bunrang ar mhaith leo a gcuid Gaeilge a chleachtadh agus muinín a chothú chun Gaeilge a labhairt.
- Comhrá (Meánleibhéal): Fóirsteanach dóibh siúd sna ranganna Meánrang Íochtarach agus Meánrang Uachtarach ar mhaith leo a gcuid Gaeilge a chleachtadh agus muinín a chothú chun Gaeilge a labhairt.
Ar ndóigh, tá fáilte roimh chách freastal ar an Chiorcal Comhrá ar an Satharn ó 9rn go 10rn i gCultúrlann Aonach Mhacha.
CLÁR AN FHÓMHAIR

DÁTAÍ NA gCÚRSAÍ
- Rithfidh Téarma an Fhómhair 2026 ón tseachtain dar tús 21/09/2026 go dtí 03/12/2026, le sos lár téarma sa tseachtain dar tús 26/10/2026. Is féidir leat clárú le haghaidh ranganna Gaeilge AR LÍNE nó ag an fháiltiú in Aonach Mhacha.
- Rithfidh Téarma an Earraigh 2027 ón tseachtain dar tús 11/01/2027 go dtí an 25/03/2027, le sos lár téarma sa tseachtain dar tús 08/02/2027. Is féidir leat clárú le haghaidh ranganna Gaeilge ar líne nó ag an fháiltiú in Aonach Mhacha – tá dáta chlárúcháin fós le déimhniú.
- Rithfidh Téarma an tSamhraidh 2027 ón tseachtain dar tús 19/04/2027 go dtí an 01/07/2027, le sos lár téarma sa tseachtain dar tús 24/05/2027. Is féidir leat clárú le haghaidh ranganna Gaeilge ar líne nó ag an fháiltiú in Aonach Mhacha – tá dáta chlárúcháin fós le déimhniú.
Má tá ceist agat, ná bíodh aon drogall ort dul i dteagmháil leis an Oifigeach Forbartha Gaeilge, Eimear Ní Anluain (eimear@aonachmhacha.com) nó cuir scairt orainn (028 3799 8111).